TG4 De Domhnaigh 21:30 An Bráthair Colm (OS) Scéal an Bhráthair Colm O'Connell as Mala, a bhfuil 30 bliain caite aige ag traenáil lúthchleasaithe Oilimpeacha i gCéinia. Tá boinn Oilimpeacha óir, airgid agus cré umha chomh maith le breis agus 70 craobh domhanda eile buaite ag a chuid lúthchleasaithe. Tá sé ar cheann de na traenálaithe is fearr sa domhan. Níl aige ach áiseanna agus acmhainní bunúsacha ag ionad atá 2000m os cionn leibhéal na farraige i Iten, Céinia.